Saoráil Faisnéise
Fáilte chuig leathanach Saorála Faisnéise na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG). Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltacht & Gaelscolaíochta faoin Acht ón 31 Bealtaine 2006.
Tá eolas ar an leathanach seo maidir leis na nithe seo a leanas:
Cearta saorála faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014
Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 do na cearta reachtúla a leanas:
- Ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí lena mbaineann an reachtaíocht um shaoráil faisnéise.
- Ceart dlíthiúil do gach duine go gceartaítear faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin sa chás go bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
- Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil a bhí le cinntí a d’imir tionchar ar dhuine.
Tuilleadh eolais ar conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Taifead ar na hIarratasis a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise
Faisnéis atá ar fáil faoin Scéim Fhoilseacháin
Éilítear in Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise a réiteach agus a fhoilsiú maidir le foilseachán faisnéise an chomhlachta chun cloí le scéim foilseacháin nó treoirlínte a dhéanann an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Scéim Foilseacháin COGG ar fáil anseo.
Maoiniú trí dheontais nó urraíocht os cionn tairseach €10,000 (2016 – 2020)
Íocaíochtaí d’earraí agus seirbhísí ós cionn €20,000 (2016 – 2020)
Féach Freisin
Oifig an Choimisinéara Faisnéise | OCF (oic.ie)
Treoir agus Acmhainní – An Reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise | OCF (oic.ie)
Freedom of Information Ireland (foi.gov.ie)