Cuardaigh torthaí do: 24

Páipéir Scrúdaithe

exams

Trialscrúduithe (Cóipeanna Crua)

Tá socrú déanta ag COGG le 4School.ie agus leis an ngrúpa Examcraft le cinntiú go mbeidh daltaí in ann leabhráin de na hiarpháipéir a fháil. Cuireann Examcraft cóipeanna crua de na trialscrúduaithe ar fáil gach bliain.

Tuilleadh Eolas ar examcraft.ie

Páipéir na dtriailscrúduithe 2024 agus iarpháipéir na dtriailscrúduithe 2008 – 2023 (Leaganacha digiteacha)

Is féidir leat iarpháipéir triailscrúduithe i nGaeilge a íoslódáil ón suíomh Gréasáin seo. Tá an nasc thíos.

Pasfhocal na bliana seo ag do phríomhoide

De bharr cúrsaí slándála, ní thabharfaimid an pasfhocal seo amach d’aon duine a ghlaonn ar an oifig, nó d’aon duine a lorgaíonn é ar ríomhphost. Beidh ar mhúinteoirí teagmháil a dhéanamh le príomhoide na scoile chun an pasfhocal a fháil.

Iarpháipéir na dTriailscrúduithe

 

Iarpháipéir Scrúduithe Stáit (Cóipeanna crua)

iarphaipeirCuireann 4schools.ie leabhráin ar fáil d’iarpháipéir scrúduithe stáit. Gach bliain déantar uasdátú le páipéir scrúduithe stáit na bliana roimhe sin agus cuirtear iad ar fáil i mí Mheán Fómhair. Tá an soláthar teoranta, agus más féidir, iarrann 4schools.ie ar scoileanna a n-orduithe a chur isteach roimh an samhradh. Is féidir cóipeanna de na hiarpháipéir scrúduithe stáit a ordú tríd an scoil, ar líne nó glaoigh ar 01-8081494.

Tuilleadh Eolas ar 4schools.ie

Iarpháipéar Scrúduithe Stáit (Cóipeanna digiteacha)

State Exams CommissionTá iarpháipéir scrúduithe uile an stáit ar fáil le híoslódáil saor in aisce ó Shuíomh Idirlín Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

iTunes U

Tráth an ama seo i 2009, ar mholadh Éanna Ó Brádaigh, Bainisteoir Forbairt Gnó san Oideachas le Apple, chinn COGG ceadúnas a lorg ó Apple le iTunesU a fhorbairt do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge na tíre. Séard a bhí i gceist leis seo ná cuid faoi leith de iTunes a bheith ann le bainistiú, dáileadh agus stiúradh a dhéanamh ar áiseanna oideachasúla do phobal fhoghlaimeoirí faoi leith.
Nuair a tugadh ceadúnas do COGG, cuireadh tús le bailiú ábhair a bhí ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid mar thacaíocht don teagasc agus don fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Obair ollmhór a bheidh i gceist leis an mbailiúchán seo ar bhonn leanúnaigh ach tá réimse leathan go leor ábhar crochta ar an suíomh. Lena n-áirítear ábhar físe, ábhar fuaime, ábhar tacaíochta do mhúinteoirí agus ábhar staidéir do dhaltaí.
Táthar ag cur leis seo go leanúnach.

Comhpháirtíocht leis an acadamh

I Feabhra na bliana 2011 cuireadh tús le comhpháirtíocht idir COGG agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar phríomhaidhm na féidearthachtaí atá ann do iTunes U na Gaeilge a úsáid mar uirlis tacaíochta foghlama teanga agus ábhair (ag leibhéal bunscoile) a mheas.
De bharr an chomhoibrithe idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus RTÉ RnaG i réimse na cartlannaithe forbraíodh 300 mír fhoghlama ó bhunábhar i gCartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó bhunábhar i gCartlann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge féin. Thóg Inniúlacht Cartlainne Meán (ICM) an cainéal ó bhun go barr don ollscoil faoi stiúir an Dr Marcus Ó Conaire.  D’oibrigh foireann an tionscadail i gcomhpháirt le saineolaithe ábhar agus le múinteoirí bunscoile ar mhaithe leis na míreanna a roghnú ó na cartlanna éagsúla. Chuir Ba mhór go deo an chabhair é múinteoirí a raibh an-chur amach acu ar riachtanais foghlama teanga agus eile daltaí bunscoile Rang 5 agus Rang 6 a bheith ar fáil don phróiseas roghnaithe agus forbartha míreanna. Rinneadh iarracht réimse leathan míreanna a aimsiú ina mbeadh glórtha idir óg agus aosta le cloisteáil a chlúdaigh réimse leathan canúintí ag casadh amhráin, ag aithris dánta, agus ag roinnt scéalta, míreanna eolais agus píosaí spraoi.
Tá plean foghlama forbartha a bheas múinteoirí in ann a úsáid i dtaca leis na míreanna sa seomra ranga. Cuireann an plean foghlama béim ar fhorbairt scileanna éisteachta agus scileanna labhartha trí ghníomhaíochtaí réamhéisteachta, gníomhaíochtaí le linn éisteachta agus gníomhaíochtaí iar-éisteachta chomh maith le cur síos ar ábhar agus ar shaibhreas na míreanna sa mbailiúchán. Cuireann gníomhaíochtaí an phlean foghlama béim freisin ar obair ghrúpa, ar neamhspleáchas an fhoghlaimeora, ar na daltaí a bheith ag cruthú ábhar iad féin (ar scoil agus sa mbaile) agus ar fheasacht teanga. De bharr go bhfuil scoth na Gaeilge le cloisteáil sna míreanna beidh tionchar mór acu ar shaibhriú agus ar shealbhú na Gaeilge i measc daltaí bunscoile. Baileofar aiseolas ó mhúinteoirí agus ó scoláirí ar mhaithe le forbairtí breise a dhéanamh ar na míreanna agus ar an bplean foghlama. Cuirfear na míreanna foghlama ar fáil ar an Idirlíon trí Chainéal iTunes U COGG.

Thabair cuirt don iTunes U

(Is gá go mbeadh iTunes ar do ríomhaire agat.)

Eolaire Áiseanna Teagaisc

Anseo tá cóipeanna leictreonacha de na leabhráin áiseanna a fhoilsíonn COGG go bliantúil. Más mian leat cóip chrua den eagrán is déanaí a ordú seol ríomhphost chuig eolas@cogg.ie. Tá na heagráin is déanaí de na leabhrán le fáil anseo.

150+ Leabhar do Dhéagóirí
Liostaí Leabhar

 

 

Liosta Léitheoireachta

Litearthacht na Gaeilge? Ach an bhfuil aon rud ar fáil do dhéagóirí? Tugann an leabhrán seo 100+ leabhar do dhéagóirí i nGaelcholáistí. Is leabhair iad atá molta don léitheoireacht bhreise neamhspleách.

Liosta Léitheoireachta
Liosta Léitheoireachta d’Iarbhunscoileanna

Liosta Léitheoireachta do bhunscoileanna

untitled

Liosta Léitheoireachta do Dhéagóirí

 

Teagmháil

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
23 Plás Windsor,
Baile Átha Cliath 2
D02 RD80

Fón: + 353 1 6340831

Ríomhphost: eolas@cogg.ie


1 3 4 5