Cuardaigh torthaí do: 24

Seachtain na Matamaitice 2023

Tascanna Nua do Mhol Mata
Tá tascanna nua cruthaithe chun tacú le húsáid Mhol Mata insan seomra ranga. Is féidir leat iad a aimsiú anseo.
Tráth na gCeist ar Líne do Rang 5 agus 6
Chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Mata tá COGG tar éis Tráth na gCeist ar Líne a eagrú do Rang 5 agus 6. Beidh sé ar siúl ar an gCéadaoin 18 Deireadh Fómhair ag 11 r.n.
Fág na leabhair ar lár agus oibrigh le do chairde chun ceisteanna spraíúla Mata a fhreagairt!

Plean Straitéiseach 2023 – 2027

Seoladh Plean Straitéiseach COGG 2023 – 2027 ar an 28 Meán Fómhair 2023.

Ar fáil anseo.

Sheol Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Plean Straitéiseach COGG 2023 – 2027 in Óstán Chois Fharraige, Conamara. Ag labhairt dó ag an ócáid thug an tUasal Ó hÓgartaigh suntas d’fhairsinge agus do réimsí oibre éagsúla na heagraíochta.

Dúirt sé:
Tá an-áthas orm gur iarradh orm Plean Straitéiseach an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a sheoladh agus nasc chomh láidir sin idir an obair acu agus cur chuige Ollscoil na Gaillimhe. Tá ról rí-thábhachtach ag COGG i gcaomhnú na Gaeilge sa chóras oideachais ach go háirithe, áit ina mhaireann agus ar a mbraitheann todhchaí na teanga. Tá straitéis bheo, bhríomhar leagtha amach don tréimhse atá romhainn le soláthar agus seirbhísí a chur ar fáil, ní hamháin ar mhaithe le forbairt na hearnála Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ach ar mhaithe le múineadh na Gaeilge i scoileanna uile na tíre, rud a luíonn lena mhisean. Tréaslaím leis an obair agus guím gach rath ar an straitéis dhearfach, fhorbarthach mar atá leagtha amach.

An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh (Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe), Jacqueline Ní Fhearghusa (Príomhfheidhmeannach COGG) agus Cathnia Ó Muircheartaigh (Cathaoirleach COGG).

Leagann an Plean Straitéiseach amach réimsí oibre COGG ar bhealach soléite sothuigthe ó thaobh a cúraimí reáchtúla de. Baineann cúraimí COGG go sonrach le: téacsleabhair d’iar-bhunscoileanna T1 a chur ar fáil, acmhainní teagaisc agus foghlama a mhaoiniú, seirbhísí taca a sholáthar do scoileanna, le taighde ar an tumoideachas a éascú agus a mhaoiniú, agus comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i leith múineadh trí mheán na Gaeilge agus múineadh na Gaeilge féin. Tugann an Plean Straitéiseach seo léargas cuimsitheach ar fhairsinge agus ar ilghnéitheacht na hoibre atá idir lámha ag an eagraíocht chun tacú le scoileanna T1, agus tacú le cur i bhfeidhm gníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Déantar iarracht chomh maith obair inmheánach na heagraíochta mar a bhaineann le cuid dá feidhmeanna reáchtúla a léiriú trí ghrafaicí agus léaráidí a thaispeánann feidhmiú na scéimeanna maoinithe, próiseas forbartha na dtéacsleabhar, agus feidhmiú chóras na sparánachtaí taighde. Léiríonn an Plean Straitéiseach na bealaí éagsúla ina mbeidh obair na heagraíochta ag forbairt as seo go ceann roinnt blianta, mar a bhaineann le tacú le scoileanna T2 ó thaobh múineadh na Gaeilge de agus cur le réimse na seirbhísí taca do scoileanna T1.

Thug Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach nua COGG, aitheantas don obair mhór a bhí déanta ag an eagraíocht ó chéadbhunaíodh í.
“Tá COGG i mbéal an phobail le fada an lá, a bhuí sin do na daoine díograiseacha tiomanta a bhí ag obair don eagraíocht agus do baill Bhord COGG le linn tréimhsí éagsúla. Mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, molaim ach go háirithe an obair atá déanta chun tacú leis na scoileanna tríd an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta de chuid na Roinne Oideachais. Tá Bord agus foireann COGG ag súil go mór le bheith réamhghníomhach maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm an Pholasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”.

Luaigh an Cathaoirleach an gá atá le hearnáil an ghaeloideachais a fhás ag an dá leibhéal, i scoileanna neamhspleácha agus an ról a bheidh ag COGG maidir le tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna T2.
“Caithfimid díriú chomh maith ar na riachtanais atá ag foghlaimeoiri na Gaeilge i scoileanna a bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga acu. Aithnítear freisin an tábhacht a bhaineann le fás agus forbairt na hearnála lán-Ghaeilge sa todhchaí.” a dúirt sé.

 

Grianghraif den oíche ar fáil thíos.

Breis Tacaíochta do Mhúinteoirí – Ranganna Gaeilge le Gaelchultúr

Tá an-áthas orainn gur éirigh chomh maith sin leis na ranganna Gaeilge do mhúinteoirí na nIar-bhunscoileanna a reáchtálamar ar líne i gcomhar le Gaelchultúr roimh an Nollaig.  D’éirigh go hiontach leis na ranganna seo ar gach leibhéal agus táimid an-sásta go mbeidh ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag tacú le múinteoirí ina gcuid iarrachtaí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

 

Tosóidh na ranganna arís ag deireadh na míosa seo, an 28 Feabhra, agus leanfaidh siad ar feadh 10 seachtaine.  Díreoidh na cúrsaí Gaeilge ar mhúinteoirí:

 

  • nach bhfuil go huile is go hiomlán ar a gcompord leis an nGaeilge nó leis an teagasc trí mheán na Gaeilge, agus
  • ar mhúinteoirí eile ar mian leo barr feabhais a chur ar leibhéal reatha a gcuid Gaeilge. 

 

Táimid ag súil go dtacóidh na ranganna seo leis na múinteoirí ábhar agus iad ag obair go díograiseach ag teagasc agus ag cruthú ábhair agus nótaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

 

Is mian linn cabhrú le scoileanna dul i ngleic leis an ngéarchéim maidir le múinteoirí a earcú a bhfuil scoth na Gaeilge acu.  Tuigtear dúinn nach mbíonn sé de rogha ag príomhoidí agus ag boird bhainistíochta, uaireanta, ach múinteoirí nach bhfuil go hiomlán ar a gcompord leis an teanga a cheapadh ar an tuiscint go gcuirfidh siad lena gcuid scileanna teanga le himeacht ama.  Tá na cúrsaí seo dírithe ar na múinteoirí sin agus ar mhúinteoirí eile a bhfuil breis tacaíocht teanga uathu agus iad ag teagasc a gcuid ábhar trí Ghaeilge.

 

Ba mhór againn do thacaíocht in iarracht na múinteoirí a ghríosú chun an deis iontach seo a thapú.  Dá bhféadfá an ríomhphost seo a scaipeadh ar fhoireann teagaisc na scoile agus na ranganna tacaíochta seo a mheabhrú do mhúinteoirí ábhar, bheimis thar a bheith buíoch.

 

Tá COGG an-sásta tacú leis na múinteoirí san obair thábhachtach seo trí chuid shuntasach de tháille an chúrsa a íoc ar a son.  Gearraimid táille bheag ar na múinteoirí/na scoileanna chun a chinntiú go bhfreastalóidh na múinteoirí agus go bhfanfaidh siad an cúrsa.  De ghnáth is costas 240 euro an duine a ghearrann Gaelchultúr ar chúrsa mar seo, ach tá COGG sásta 140 euro a dhíol do gach múinteoir.   Ciallaíonn sé sin nach mbeidh ach costas 100 euro ar gach múinteoir chun cúrsa Gaeilge den scoth a dhéanamh.  Anuas ar an lacáiste sin, má fhreastalaíonn an múinteoir ar 8 rang as deich gcinn de na ranganna,  íocfar 50 euro an múinteoir ar ais leis an scoil/múinteoir ag deireadh an chúrsa.

 

Fáilteofar roimh iarratais ó scoileanna/ mhúinteoirí a bhfuil deacracht acu leis an gcostas sin teacht i dteagmháil go díreach le COGG agus is féidir cabhrú leo rochtain a fháil ar na cúrsaí.

 

Clárú do na ranganna Gaeilge:

 

Iarrtar ar mhúinteoirí clárú go díreach le Gaelchultúr ag an nasc seo thíos roimh Dé hAoine 24 Feabhra:

 

https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg

 

Tá ceithre leibhéal luaite ann – A2 go C1 (bunrang 2 go hardrang 1) agus déanfar tástáil ar na múinteoirí chun a chinntiú go mbeidh siad sa rang is oiriúnaí.

 

Beidh na cúrsaí ar fáil ar líne ag na leibhéil seo a leanas:

 

  • Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Ardrang 1 (C1) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 

Sceideal na ranganna:

 

  • Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 27 Feabhra 2023
  • Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.
  • Beidh sos na Cásca ann  (3/4/23 go 17/4/23).
  • Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 15 Bealtaine 2023
  • Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe.

 

 

GAELCHULTÚR – EOLAS FAOI RANGANNA.  www.gaelchultur.com

 

Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ar ardchaighdeán ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag. 

 

Is cúrsaí foghlaimeoirlárnacha ar fad iad na cúrsaí a mhúineann Gaelchultúr agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach agus tugtar tús áite do chleachtaí múscailte comhfheasa. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir an chaint go léir a dhéanamh.  Tabharfar teastas tinrimh do na rannpháirithe.

Rialachas Corparáideach

Rialachas Corparáideach | Tuarascálacha Bliantúla agus Ráitis | Saoráil Faisnéise | Polasaithe | Aighneachtaí | Cosaint Sonraí | Nochtadh Cosanta | Treoirlínte Lógó COGG | Pras Íocaíochtaí |

Córas Iniúchóireachta Inmheánach

Tá sé de bheartas ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) córas iniúchóireachta inmheánach ar ardchaighdeán a bheith i bhfeidhm aici a thagann leis na cleachtais is fearr atá aitheanta chuige sin go reachtúil sa statchóras agus de réir treoracha na Roinne Airgeadais.

Cuirtear seirbhís iniúchóra inmheánach ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ag cuntasóir cáilithe.

Is iad seo a leanas dualgais an iniúchóra inmheánaigh:

  • Iniúchadh a dhéanamh ar bhonn rialta ar chuntais agus ar chleachtais agus ar chórais smachtaithe inmheánacha airgeadais COGG agus moltaí a chur ar fáil maidir lena leasú nó a fheabhsú nuair is gá.
  • Freastal ar an dá chruinniú in aghaidh na bliana den Choiste Iniúchóireachta COGG, tuairisc a chur faoi bhráid an Choiste agus ceisteanna ón gCoiste a fhreagairt maidir le cuntais agus cleachtais airgeadais COGG.

Sa chás go ndéanann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta Ordú Ceannaigh de bhreis ar €20,000, foilseofar an t-eolas ar an suíomh seo

Tá naisc chuig Téarmaí Tagartha agus Polasaí Coimhlint Leasa COGG ar fáil thíos.

Téarmaí Tagartha

Polasaí Coimhlint Leasa COGG

Iriseoirí an Lae Amárach

COMÓRTAS IRISEOIRÍ AN LAE AMÁRACH 2024
NÓTA: 

  • Iriseoirí an Lae Amárach: sprioclá deiridh dé hAoine 19.04.23
  • Tá an sprioclá sroichte againn agus tréaslaímid leis na scoileanna atá tar éis iarratas a aighniú go dtí seo.
  • Níl sé ró-dhéanach go fóill agus tuigim go mbraitear faoi bhrú de bharr imeachtaí eile Idirbhliana.
  • Mar sin, táimid sásta síneadh ama a thairiscint do scoileanna atá cláraithe cheana féin linn go dtí dé hAoine 19.04.24.
  • Ciallaíonn sé sin go mbeidh an tréimhse ama céanna ar fáil dóibh siúd atá tar éis iontráil a leagan isteach linn cheana chun snas a chur ar an iontráil más mian leo.

Cuireann TG4 Foghlaim, COGG agus Ollscoil na Gaillimhe fáilte roimh iarratais don chomórtas, Iriseoirí an Lae Amárach 2024.

Is comórtas úr nua é seo a d’eascair ón sainchúrsa Iriseoireachta – ‘Iriseoirí an Lae Amárach’.

Ó thosaigh Iriseoirí an Lae Amárach, tá breis agus míle dalta tar éis a bheith ag foghlaim faoi chúrsaí Iriseoireachta agus Nuachta ó chuid de na hIriseoirí Gaeilge is fearr sa tír.

Tugann Iriseoirí an Lae amárach deis do dhaltaí idirbhliana a bheith ag foghlaim ó iriseoirí atá ag obair i ngort na hiriseoireachta agus scileanna acu féin a chur chun cinn chun obair phraiticiúil a dhéanamh. Is í an sprioc atá le hIriseoirí an Lae Amárach ná glúin úr a spreagadh atá fiosrach, eolach agus tuisceanach faoi chúrsaí nuachta agus cúrsaí Reatha.

Le tacaíocht a thabhairt don chomórtas seo cuirfidh TG4 Foghlaim, COGG agus Ollscoil na Gaillimhe acmhainní foghlama ar TG4 Foghlaim le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don seomra ranga.

Acmhainní – Comórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2024

COMÓRTAS 2024

Cláraíonn scoileanna don chomórtas anseo agus cuireann siad tús le hacmhainní ‘Iriseoirí an Lae Amárach’, atá ar fáil ar TG4 Foghlaim, a chlúdach sa seomra ranga.

Baintear úsáid as na hacmhainní teagaisc agus foghlama le daltaí a réiteach chun iarratas na scoile a ullmhú.

Beidh na daltaí ag obair i ngrúpaí (ceathrar nó cúigear) agus iarrtar ar ghrúpaí mír nuachta uile-ardáin a chruthú.

Le cur isteach ar an gcomórtas ní mór do scoláirí mír nuachta uile-ardáin a chruthú agus an mhír a fhoilsiú ar Bhlag m.sh WordPress, blogger, Weebly, Edublog. Ar an mblag ba chóir d’iarratasóirí na gnéithe seo a leanas a chlúdach:

1. Mír Nuachta físe
2. Alt nuachta scríofa
3. Íomhá
4. Gearrthóg fuaime

EOLAS BREISE

Mír Nuachta Físe

Idir 3 agus 5 nóiméad ar fad. Samplaí – Agallamh le duine mór le rá sa cheantar; tuairisc faoi chluiche spóirt; tuairisc faoi chonspóid timpeallachta; tuairisc faoi na dúshláin atá roimh dhaoine óga. 

Mír Nuachta Scríofa

Iarrtar ar scoileanna alt scríofa a théann leis an mír físe a fhoilsiú ar an mblag. Moltar idir 200 agus 250 focal a bheith san alt.

Íomhá

Iarrtar ar daoine óga íomhánna fóirsteanacha a fhoilsiú a dhéanann cur síos ar an mír físe agus ar an mír scríofa. 

Conas a sheolann scoil iarratas isteach?

Iarrtar ar scoileanna Iarratas amháin a dhéanamh ón scoil agus sin a sheoladh isteach chuig iriseoiri@cogg.ie.  

Cathain a bhfuil an clár foghlama ag tosú?

Beidh an clár foghlama ag tosú ar an 15 Eanáir 2024 agus beidh na hacmhainní ar fáil ar shuíomh TG4 Foghlaim

Spriocdháta

An spriocdháta ná an 22 Marta 2024

Ócáid Bhronnta

Beidh an Ócáid Bhronnta ar siúl sa Ghaillimh ar an 9 Bealtaine 2024.

Duaiseanna

Déanfaidh painéal moltóirí breithiúnas ar na hiarratais agus beidh ócáid bhronnta ar siúl ina ndéantar na duaiseanna a bhronnadh ag ócáid speisialta i mí na Bealtaine 2024. Beidh deis ag na buaiteoirí cuairt a thabhairt ar TG4 agus Ollscoil na Gaillimhe agus déanfar (cóipcheart ceadaithe) míreanna nuachta na mbuaiteoirí a fhoilsiú ar ardáin TG4. 

Acmhainní

Físeáin teagaisc:

Google Sites – Google Sites

MS Sway – MS Sway

Moltaí eile chun blag a chruthú:

Squarespace

Blogger

Teagmháil

Is féidir aon cheist eile a sheoladh chugainn ag iriseoiri@cogg.ie
BUNTÁISTÍ OIDEACHAIS

Cothaíonn Iriseoirí an Lae Amárach an tsuim atá ag daltaí scoile sna meáin agus san iriseoireacht. Foghlaimeoidh daltaí scoile tríd na hacmhainní teagaisc faoi na nithe seo a leanas:

• Foinsí Nuachta
• Conas/cén tslí is fearr taighde a dhéanamh?
• Tábhacht na Gaeltachta
• Conas/cén tslí is fearr ábhar scríofa a chruthú agus ról na meán clóite?
• Conas/cén tslí is fearr ábhar faisnéise a chruthú?
• Conas ábhar Raidió do dhaoine óga a chruthú?
• Tábhacht Ról na mBan in earnáil an spóirt
• Clúdach Nuachta trí mhéan na Gaeilge

Cuireadh Iriseoirí an Lae Amárach ar bun le tuiscint, eolas agus meas a chothú i measc dhaltaí scoile idirbhliana san Iriseoireacht agus sa Nuacht. Tá sé mar aidhm ag Iriseoirí an Lae Amárach glúin úr a spreagadh le tabhairt faoin Iriseoireacht agus iad a chothú le bheith ag scríobh, ag taifeadadh agus ag clúdach ábhar nuachta ar dhóigh atá iontaofa, sultmhar agus eolach.

Tugann na hacmhainní teagaisc atá ar fáil leis an gcomórtas seo deis do dhaltaí a bheith eolach ar chúrsaí reatha, tuiscint a bheith acu ar an tábhacht a bhaineann le scéalta a roinnt agus a chlúdach go háitiúil agus go hidirnáisiúnta.

Tá sé mar sprioc ag Iriseoirí an Lae Amárach slí a thaispeáint do dhaoine óga faoi na deiseanna fostaíochta atá san earnáil.

Dianchúrsa

  • Tá an-áthas ar COGG Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair (Lá na Speisialtóirí) 2024  a fhógairt. Réachtálfar an Dianchúrsa Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr ar feadh ceithre lá ón 12 -15  Lúnasa.  Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil ar líne do mhúinteoirí iar-bhunscoile ar gach leibhéal (A2- C1)  ar feadh 3 lá ó Luan go Céadaoin 12-14 Lúnasa agus beidh na ranganna seo ábhar agus seomra ranga-bhunaithe.
  • Déardaoin 15 Lúnasa, reáchtálfar Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) i gColáiste na Coiribe, Gaillimh, agus cuirfear deis iontach ar fáil do mhúinteoirí a teagascann trí Ghaeilge teacht le chéile agus ceardlann a dhéanamh le sainmhúinteoirí ina gcuid ábhar féin, mar aon le freastal ar sheisiún nó dhó comónta le gach múinteoir a bheidh i láthair!
  • D’éirigh go hiontach le Lá na Speisialtóirí, 2023, ar an láthair chéanna – éistigí leis na múinteoirí ag caint ar RnaG anseo.
  • Cláraigí do na ranganna Gaeilge  – deis saor in aisce oiriúnach do gach múinteoir – idir mhúinteoirí atá ar bheagán Gaeilge agus mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid cruinnis.
  • Cláraigí do Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) – deis do mhúinteoirí iar-bhunscoile teacht le chéile le múinteoirí eile a mhúineann an t-ábhar céanna leo agus foghlaim faoi na hacmhainní is déanaí don ábhar sin.
  • Deis iontach is ea an lá oiliúna seo do mhúinteoirí iar-bhunscoile a teagascann trí Ghaeilge teacht le chéile agus ceardlann a dhéanamh le sainmhúinteoirí ina gcuid ábhar féin, mar aon le freastal ar sheisiún nó dhó comónta le gach múinteoir a bheidh i láthair!  I mbliana, tá téama faoi leith ag baint leis an lá – Ag forbairt acmhainní: an múinteoir i lár an Aonaigh agus cuirfear an-bhéim ar acmhainní nua atá i mbun forbartha ag múinteoirí do COGG don scoilbhliain nua.

Tá na ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce agus cuirfear liúntas taistil 100 Euro ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar Lá na gCeardlann Ábhair/Lá na Speisialtóirí ! Bígí inár dteannta!

Má tá aon eolas breise uaibh, seolaigí r-phost go aoife@cogg.ie

Tá na seimineáir ghréasáin ábharbhunaithe agus cuir i láthair ábhartha na speisialtóirí i ndáil le Dianchúrsa COGG 2020 agus 2021 ar fáil thíos.

Eolaíocht

Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí – Cur i Láthair

Stair

Stair – Cur i LáthairAcmhainní Teagaisc

Tíreolaíocht

Tíreolaíocht – Cur i Láthair

Bitheolaíocht

Bitheolaíocht na hArdteiste – Cur i Láthair

Corpoideachas

Corpoideachas – Cur i Láthair

Staidéar Gnó & Gnó

Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí agus Gnó na hArdteiste – Cur i Láthair

Ceol

An Ghaeilge sa Rang Ceoil – Cur i Láthair

Gnéithe Ceoil – Cur i Láthair

Acmhainní Teanga Ar Líne

Acmhainní Teanga ar Líne – Cur i Láthair

Matamaitic

Matamaitic – Cur i Láthair

Ealaín

Eacnamaíocht Bhaile

Eacnamaíocht Bhaile – Cur i Láthair

Nuatheangacha Iasachta

Taifead ag teacht go luath.

Nuatheangacha Iasachta – Cur i Láthair (Ag teacht go luath)

Reiligiún

Reiligiún – Cur i Láthair

Forbairtí na dTéacsleabhar agus Acmhainní Ar Líne

Forbairtí na dTéacsleabhar agus Acmhainní Ar Líne – Cur i Láthair

1 2 3 4 5