nuacht

Fóram Feasa

 

Fóram Feasa (Comhthionscnamh BOOÉ agus COGG)

Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim, agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Fóram Feasa ag obair i gcomhpháirt le hIonad Tacaíochta Oideachais Luimnigh agus beidh múinteoirí agus ceannairí scoile in ann dul díreach chuig suíomh greasáin an ionad oideachais. Féach thíos:

Tá an sceideal iomlán thíos. Beidh aoichainteoir ag gach seisiún chun dea-chleachtas a roinnt agus beidh plé oscailte ina dhiaidh sin.

Torthaí foghlama

Éireoidh le rannpháirtithe

  • Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
  • Acmhainní agus nodanna a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtithe eile
  • Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar
  • Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt
  • A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach

Sceideal 2024/2025

Ceisteanna: toirdealbhach@cogg.ie gean.gilger@etbi.ie

Téanaimid ort ar an bhféasta foghlama inár dteannta!

  • Is féidir le múinteoirí agus ceannairí scoile clárú uair ar bith don scoilbhliain seo nó do 2024/2025 anseo.
  • Má tá suim agat bheith i do Cheannaire Ábhair líon isteach an foirm seo.

Ceisteanna:

Gean Gilger Gean.Gilger@etbi.ie

Toirdealbhach Ó Lionáird toirdealbhach@cogg.ie

Léirithe Spéise – FCÁT

Tá an Roinn Oideachais ag lorg Léirithe Spéise ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) don Ghaeilge sa scoilbhliain 2024/25.

 Tá gach eolas ar fáil ó  https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/3dd069-none/#tionscadal-foghlaim-chomhthaite-abhar-agus-teangacha-fcat-don-ghaeilge    

Beidh fáil ar an fhoirm iarratais ar-líne idir seo agus an Aoine 10 Bealtaine.

Téacsleabhair nua ag teacht do Mheán Fómhair 2024

  • Éire á Múnlú
  • Stair na hArdteistiméireachta
  • Leabhar le Topaicí 2 agus 3 – aistriúchán ar The Making of Ireland.
  • Ar fáil sna siopaí leabhar agus ó dhíoltóirí leabhar.
  • www.educate.ie

  • Aistear Ama 2
  • Stair don Dara Bliain T1ag leanúint ar aghaidh leis an tSraith, Aistear Ama
  • Téacsleabhar Staire nuascríofa ag Edel Ní Loingsigh agus Stiofáin Ó hIfearnáin. Reáchtálfar ceardlann ar líne do mhúinteoirí Staire ar na téacsleabhair seo Déardaoin 16 Bealtaine ar 7.i.n. Cláraigh anseo​.
  • Ar fáil sna siopaí leabhar agus ó dhíoltóirí leabhar do scoilbhliain 2024/25.
  • Aistear Ama 1 – fós ar fáil saor in aisce do scoileanna, ach rphost a chur chuig eolas@cogg.ie.

  • Binneas Ceoil! B
  • Aistriúchán ar théacsleabhar Béarla, ar fáil do scoilbhliain 2024/2025 ó www.edco.ie

  • À La Une
  • Cúrsa Iomlán do Fhraincis na hArdteiste, leagan digiteach agus clóite ar fáil do scoilbhliain 2024/2025 ó www.educate.ie

 

Moltaí á lorg don Phacáiste Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge

  • D’fhoilsigh COGG pacáiste nua Gairmeacha anuraidh, Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, a sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Siocháin, ag Options West sa Ghaillimh ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá an acmhainn seo dírithe go príomha ar iar-bhunscoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí.  Reáchtáladh ceardlanna treorach i gcomhar le Careers Portal (saoloibre.ie) do mhúinteoirí i gcaitheamh na bliana chun an acmhainn seo, agus acmhainní treorach eile, a thaispeáint dóibh.
  • Táimid ag obair ar leagan nua uasdátaithe den phacáiste anois agus má tá sibh ar an eolas faoi aon chúrsa nua in aon Ollscoil/Institiúid nó faoi aon deis nua eile i réimse na nGairmeacha le Gaeilge nach bhfuil luaite againn, bheimis an- sásta cloisint uaibh. D’fháilteoimis go mór roimh aon aiseolas atá agaibh nó aon mholtaí atá agaibh don chéad leagan eile idir seo agus lár mhí an Aibreáin. 
  • Mar eolas chomh maith, seoladh an leagan Béarla den phacáiste seo ag comhdháil an IGC (Institute of Guidance Counsellors) i dTrá Lí níos luaithe an mhí seo agus scaipfear é sin trí chraobhacha réigiúnda an IGC gan mhoill.  Gheobhaidh sibh ceangailte leis seo naisc go dtí na leaganacha leictreonacha den phacáiste (leaganacha Gaeilge agus Béarla).
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh le aoife@cogg.ie aon uair agus bheimis an-bhuíoch daoibh ach an rphost seo a scaipeadh ar éinne ábhartha eile.
  • Is féidir teacht ar leaganacha crua den phacáiste ach ríomhphost a chur chuig eolas@cogg.ie

IRISEOIRÍ AN LAE AMÁRACH 2024/2025

NUA!

I dteannta leis na ceachtanna atá curtha ar fáil ar Foghlaim TG4, tá an-áthas ar COGG, Foghlaim TG4, Ollscoil na Gaillimhe agus Nuacht TG4 cúrsa úrnua, “Cúrsa MOJO do scoláirí na hIdirbhliana” a sholáthar.
  • Ciallaíonn MOJO “Iriseoireacht do na meáin shóisialta nó do na hardáin digiteacha.”
    • Ar an lá beidh deis ag na scoláirí na scileanna a fhoghlaim atá de dhíth chun pacáiste MOJO a chur le chéile. Is cúrsa aon lá praiticiúil é seo ina mbeidh deis ag scoláirí scileanna agallaimh, scileanna ceamara agus scileanna eagarthóireachta a fhoghlaim agus a chleachtadh (trealamh curtha ar fáil ar an lá).
    • Tá an cúrsa seo urraithe agus COGG agus TG4 agus 4 lá eagraithe timpeall na tíre:
      1. Dé Máirt 21 Eanáir: Radisson Blu, Leitir Ceanainn
      2. Dé Máirt, 28 Eanáir: Louis Fitzgerald, BÁC
      3. Dé Céadaoin, 29 Eanáir: Springfort Hall Hotel, Corcaigh
      4. Dé Céadaoin, 5 Feabhra: Óstán Chois Fharraige, Gaillimh

    Mhairfidh na laetha traenála ó 09:45 go 16:30 ar an láthair.

    • Iarrtar ar scoileanna áiteanna a chur in áirithe fríd an nasc chomh luath agus is féidir chun áiteanna a chinntiú.
    • Cuirfear acmhainní teagaisc agus foghlama ‘Iriseoirí an Lae Amárach’, ar fáil ar an lá a bheidh mar chúnamh sa seomra ranga agus múinteoirí agus daltaí ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2025.
    • Spás do 15 ó rang na hIdirbhliana.
    • Cuirfear lón ar fáil ar an lá.
    • Déanfar comórtas a fhógairt le linn na laethanta traenála agus d’fhéadfadh gach scoil cur isteach ar an gcomórtas, Iriseoirí an Lae Amárach agus ócaid bhronnta sa Ghaillimh san Earrach.
     *Is trí mheán na Gaeilge a bheas an cúrsa agus an comórtas á reáchtáil.

Cláraigh anseo roimh an Aoine 29 Samhain 2024.

Dátaí Tábhachtacha

Spriocdháta don chúrsa oiliúna: 29/11/24

Comórtas ag oscailt: 10/02/25

Spriocdháta don chomórtas: 14/03/25

Ócáid Bhronnta (sa Ghaillimh): dáta le cinntiú

 

Gradaim bronnta ar fhoghlaimeoirí Gaeilge BOO ag ócáid náisiúnta

 

Bronnadh gradaim ar fhoghlaimeoirí BOO a bhain barr feabhais amach sa Ghaeilge ag ócáid náisiúnta do 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann i bPáirc Thuamhan.

Rinne COGG urraíocht ar an sparánacht, lena n-áiríear tacaíocht airgid de 5000 Euro agus cúnamh garimiúil, agus bronnadh an sparánacht sin ar Aoibhinn Ní Craoibhínn ag an ócáid.

Bronnadh 500 Euro mar dhuais thánaisteach ar fhoghlaimeoir BOO Chorcaí Ameilia Ní Reen Ní Mhathúna.

Léigh an preaseisiúint iomlán anseo.

 

Post ar fáil – Giglets

Post ar fáil – Ceannaire Rannpháirtíochta Oideachais d’Éirinn le Giglets. An bhfuil dlúthspéis agat eispéiris foghlama éifeachtacha a thiomáint i scoileanna na  hÉireann?

Níos mó eolais anseo.

Na Weatherbies

Tá suíomh nua ar fáil do mhúinteoirí bunscoile: Na Weatherbies! Acmhainní faoin aeráid atá ar fáil i bhfoirm físeáin, leabhair agus bileoga oibre. Cliceáil anseo chun breathnú orthu.

Féach thíos le haghaidh na samplaí is déanaí ó na Weatherbies: Pailniú (físeán) agus Gearóid Gaoth agus a Lá Breithe (leabhar ar líne).

Pailniú

Gearóid Gaoth agus a Lá Breithe – cliceáil anseo

Scéim Acmhainní Teagaisc agus Foghlama 2024 – 2026

Scéim Acmhainní Teagaisc agus Foghlama 2024 – 2026

Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) roimh iarratais ar mhaoiniú d’fhorbairt acmhainní teagaisc agus foghlama don oideachas trí Ghaeilge nó do theagasc na Gaeilge sna réimsí seo thíos AMHÁIN:

 

  • Acmhainní foghlama agus teagaisc, ina measc, réitigh dhigiteacha agus cluichí, a thacóidh le hoideachas do dhaltaí agus scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) acu, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla
  • Ábhar léitheoireachta nuachumtha i seánraí éagsúla, do leibhéil éagsúla aoise, ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal a fhreastalóidh ar ábhair suime comhaimseartha na ndaltaí/scoláirí
  • Sraith leabhair pictiúr do na hardranganna (3-6) do réimse snáithe (Ailgéabar, Cruth & Spás, Tomhas, Sonraí & Seans agus Uimhreas) le hábhar, coincheapa, agus teanga na Matamaitice a fhorbairt
  • Leabhair pictiúr atá oiriúnach do na hardranganna (3-6), a thacóidh le forbairt agus cur i bhfeidhm raon straitéisí tuisceana mar aon le cur chun cinn na litearthachta criticiúla
  • Acmhainní a thacóidh le múineadh na Gaeilge, i mbunscoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna chomh maith le bunscoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla
  • Tacaí agus acmhainní do chláir idirbhliana in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
  • Acmhainní a bhaineann le réimse na folláine (lena n-áiritear OSSP, OSPS, agus Corpoideachas),  ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal

 

Glacfar le hiarratais ag maoiniu@cogg.ie (i ndoiciméid WORD)

 Dáta druidte d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4.00pm Dé hAoine an 5 Aibreán 2024.

IS FÉIDIR FOIRM IARRATAIS A ÍOSLÓDÁIL ANSEO

1 2 3 4 5 6