Search Results for: 24

Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe (Bunscoil agus Iar-bhunscoil)

Postaer_Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe 2024.png (Moderate)

  • Tá Comhdháil á heagrú idir COGG agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
  • Díreoidh an chomhdháil lae seo ar Mhúinteoirí Nuacháilithe – múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus na múinteoirí a beidh ag teagasc i scoil Ghaeltachta, Gaelscoil nó Gaelcholáiste ag tosú i mí Mheán Fómhair 2024.
  • Deis a bheidh ann chun eolas a fháil faoi chúraimí an mhúinteora nuacháilithe, casadh ar mhúinteoirí nuacháilithe eile agus dea-chleachtas a roinnt.
  • Tuilleadh eolais: comhdhail@cogg.ie

Comhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile faoi láthair.

 

Cuireadh tús leis an comhairliúchán poiblí ar Dhréachtsonraíochtaí san Oideachas Ealaíon; ar an Nuatheangacha lasachta; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht; agus ar an bhFolláine ar an 6ú Márta agus beidh sé ar oscailt go dtí an 7ú Meitheamh. Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná obair le páirtithe leasmhara, ceistneoir ar line agus spás le haghaidh aigneachtaí scríofa. Reáchtálfar fócasghrúpaí timpeall na tíre chomh maith, ceann trí Ghaeilge san áireamh. Beidh an ceann trí Ghaeilge ar siúl san Ionad Oideachais na Gaillimhe ar an 16ú Aibreán (ó 3.45 i.n. – 5.15 i.n.)

Tá CNCM ag súil go mór le cloisteáil ó mhúinteoirí agus ó cheannairí scoile le linn na trí mhí atá romhainn. Má tá suim agat freastal ar an bhfócasghrúpa i nGaillimh chun do thuairimí a chur in iúl, ní mór duit clárú ag an nasc thíos.

Foirm chláraithe

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhairliúchán, tabhair cuairt ar Comhairliuchan Bunscoile 2024.

Textbooks

  • Tá Liosta na dtéacsleabhar 2024-2025 iomlán ar fáil anseo.
  • Tá téacsleabhair nua le foilsiú an samhradh seo, cuid acu le ceannach agus cuid acu saor in aisce.  Is féidir na Téacsleabhair agus acmhainní atá ar fáil saor in aisce a ordú ag an nasc seo.
  • Is féidir na téacsleabhair nua atá le ceannach –
  • Aistear Ama 2 (Stair, An tSraith Shóisearach) *seol rphost chuig eolas@cogg.ie
  • Éire Á Múnlú (Stair, Ardteist, ISBN 978-1-916832-12-1)
  • A la Une (Fraincis, Ardteist, ISBN 978-1-916832-10) a ordú ó www.educate.ie agus ó na siopaí leabhar.
  • Más spéis libh cuairt ó Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile amach anseo, is féidir leat an foirm seo a líonadh.

Má tá aon cheist bí i dteagmháil linn ag eolas@cogg.ie.

Ceardlann do Mhúinteoirí Staire ar Aistear Ama

 

Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach,  Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n.  Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4.  An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair-  Stiofáin Ó hIfearnáin.

Sa cheardlann seo, díreofar ar:

  • Úsáid éifeachtach Aistear Ama 1
  • Torthaí foghlama agus Topaici Aistear Ama 2.
  • Caibidlí samplacha (pdf) agus bileoga oibre ó Aistear Ama 2 a roinnt
  • Deis cainte agus plé a thabhairt do mhúinteoirí staire leis an údar féin!

Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.

Breis eolais ó aoife@cogg.ie

Fóram Feasa

Fóram Feasa (Comhthionscnamh BOOÉ agus COGG)

Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim, agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.

Tá an sceideal ar fáil anseo.

Téanaimid ort ar an bhféasta foghlama inár dteannta!

  • Is féidir le múinteoirí agus ceannairí scoile clárú anseo.
  • Má tá suim agat bheith i do Cheannaire Ábhair líon isteach an foirm seo.

Ceisteanna:

Gean Gilger Gean.Gilger@etbi.ie

Toirdealbhach Ó Lionáird toirdealbhach@cogg.ie

Léirithe Spéise – FCÁT

Tá an Roinn Oideachais ag lorg Léirithe Spéise ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) don Ghaeilge sa scoilbhliain 2024/25.

 Tá gach eolas ar fáil ó  https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/3dd069-none/#tionscadal-foghlaim-chomhthaite-abhar-agus-teangacha-fcat-don-ghaeilge    

Beidh fáil ar an fhoirm iarratais ar-líne idir seo agus an Aoine 10 Bealtaine.

Turas na Scríbhneoireachta – Le fáil ó Siopa Údar

Áis de chuid CCEA, atá oiriúnaithe do chomhthéacs scoileanna an deiscirt ag COGG. Tugann an áis seo treoir do mhúinteoirí agus iad ag tabhairt faoi theagasc na seánraí scríbhneoireachta.

Tá Turas na Scríbhneoireachta, do bhunranganna agus d’ardranganna, le fáil ó Siopa Údar anois ar phraghas €15 an leabhar.

Lámhleabhar do na bunranganna le fáil anseo.

Lámhleabhar do na hardranganna le fáil anseo.

1 2 3 4 5