D’fhoilsigh COGG pacáiste nua Gairmeacha anuraidh, Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, a sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Siocháin, ag Options West sa Ghaillimh ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá an acmhainn seo dírithe go príomha ar iar-bhunscoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí. Reáchtáladh ceardlanna treorach i gcomhar le Careers Portal (saoloibre.ie) do mhúinteoirí i gcaitheamh na bliana chun an acmhainn seo, agus acmhainní treorach eile, a thaispeáint dóibh.
Táimid ag obair ar leagan nua uasdátaithe den phacáiste anois agus má tá sibh ar an eolas faoi aon chúrsa nua in aon Ollscoil/Institiúid nó faoi aon deisnua eile i réimse na nGairmeacha le Gaeilge nach bhfuil luaite againn, bheimis an- sásta cloisint uaibh. D’fháilteoimis go mór roimh aon aiseolas atá agaibh nó aon mholtaí atá agaibh don chéad leagan eile idir seo agus lár mhí an Aibreáin.
Mar eolas chomh maith, seoladh an leagan Béarla den phacáiste seo ag comhdháil an IGC (Institute of Guidance Counsellors) i dTrá Lí níos luaithe an mhí seo agus scaipfear é sin trí chraobhacha réigiúnda an IGC gan mhoill. Gheobhaidh sibh ceangailte leis seo naisc go dtí na leaganacha leictreonacha den phacáiste (leaganacha Gaeilge agus Béarla).
Is féidir teagmháil a dhéanamh le aoife@cogg.ie aon uair agus bheimis an-bhuíoch daoibh ach an rphost seo a scaipeadh ar éinne ábhartha eile.
Is féidir teacht ar leaganacha crua den phacáiste ach ríomhphost a chur chuig eolas@cogg.ie