Cúrsa Gaeilge COGG faoi stiúir Ghaelchultúr

                                                        

Tá COGG an-sásta a fhógairt go mbeidh ranganna Gaeilge á gcur ar fáil ar líne saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile arís an téarma seo.

 D’éirigh go hiontach leis na ranganna Gaeilge do mhúinteoirí na nIar-bhunscoileanna a reáchtálamar ar líne i gcomhar le Gaelchultúr san Fhómhar,le Dianchúrsa COGG a bhí ar siúl i mí Lúnasa agus le linn an dá théarma scoile anuraidh.

Cuirtear na ranganna ar fáil saor in aisce anois ach éarlais a íoc. Is gá do mhúinteoirí éarlais €50 a íoc agus má fhreastalaíonn an múinteoir ar 8 rang as 10, gheobhaidh siad aisíoc de €50.  Má tá fíordheacracht ag aon scoil leis an éarlais seo agus más mian le múinteoirí na ranganna a dhéanamh is féidir teagmháil a dhéanamh linn go díreach agus beidh cabhair ar fáil.

Tabharfaidh na ranganna seo an-mhuinín do mhúinteoirí don teagasc trí Ghaeilge agus tacóidh siad leo barr feabhais a bhaint amach agus a bheith muiníneach sa seomra ranga trí Ghaeilge, agus leis na hacmhainní agus na háiseanna téarmaíochta Gaeilge don seomra ranga.

Cláraigh anseo.