Monthly Archives: May 2024

Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe (Bunscoil agus Iar-bhunscoil)

Postaer_Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe 2024.png (Moderate)

  • Tá Comhdháil á heagrú idir COGG agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
  • Díreoidh an chomhdháil lae seo ar Mhúinteoirí Nuacháilithe – múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus na múinteoirí a beidh ag teagasc i scoil Ghaeltachta, Gaelscoil nó Gaelcholáiste ag tosú i mí Mheán Fómhair 2024.
  • Deis a bheidh ann chun eolas a fháil faoi chúraimí an mhúinteora nuacháilithe, casadh ar mhúinteoirí nuacháilithe eile agus dea-chleachtas a roinnt.
  • Tuilleadh eolais: comhdhail@cogg.ie

Comhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile faoi láthair.

 

Cuireadh tús leis an comhairliúchán poiblí ar Dhréachtsonraíochtaí san Oideachas Ealaíon; ar an Nuatheangacha lasachta; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht; agus ar an bhFolláine ar an 6ú Márta agus beidh sé ar oscailt go dtí an 7ú Meitheamh. Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná obair le páirtithe leasmhara, ceistneoir ar line agus spás le haghaidh aigneachtaí scríofa. Reáchtálfar fócasghrúpaí timpeall na tíre chomh maith, ceann trí Ghaeilge san áireamh. Beidh an ceann trí Ghaeilge ar siúl san Ionad Oideachais na Gaillimhe ar an 16ú Aibreán (ó 3.45 i.n. – 5.15 i.n.)

Tá CNCM ag súil go mór le cloisteáil ó mhúinteoirí agus ó cheannairí scoile le linn na trí mhí atá romhainn. Má tá suim agat freastal ar an bhfócasghrúpa i nGaillimh chun do thuairimí a chur in iúl, ní mór duit clárú ag an nasc thíos.

Foirm chláraithe

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhairliúchán, tabhair cuairt ar Comhairliuchan Bunscoile 2024.

Ceardlann do Mhúinteoirí Staire ar Aistear Ama

 

Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach,  Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n.  Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4.  An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair-  Stiofáin Ó hIfearnáin.

Sa cheardlann seo, díreofar ar:

  • Úsáid éifeachtach Aistear Ama 1
  • Torthaí foghlama agus Topaici Aistear Ama 2.
  • Caibidlí samplacha (pdf) agus bileoga oibre ó Aistear Ama 2 a roinnt
  • Deis cainte agus plé a thabhairt do mhúinteoirí staire leis an údar féin!

Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.

Breis eolais ó aoife@cogg.ie