Éire Céad – Aip nua ar fáil

Úsáid an Matamaitic le hiontais na hÉireann a aimsiú.

iOS – Cliceáil anseo

Android – Cliceáil anseo

Is aip é Éirecéad a ceapadh le spéis daoine fásta agus daoine óga níos sine ná 10 mbliana d’aois a mhealladh sa mhata.

Cé acu ar scoil, ag an obair nó sa bhaile thú, más suim leat an mata, nó fiú más maith leat giota beag níos mó eolais a fháil ar oileán na hÉireann, seo an aip duitse.

Tá córas luaíochta a bhaineann le tíleanna a bhailiú in úsáid in Éirecéad. Freagraíonn an tÚsáideoir ceisteanna mata a nochtann, má thugtar na freagraí cearta, íomhá agus eolas ar shuímh éagsúla in Éirinn. Bailíonn an tÚsáideoir na suímh sin agus sábháiltear iad de réir catagóire: iontais nádúrtha, caisleáin, oileáin, mar shampla.

Éireoidh an tÚsáideoir níos cleachta ar na cineálacha ceisteanna agus ar an ábhar mata agus é ag dul ar aghaidh san aip, le linn dó bailiúchán pearsanta de shainchomharthaí agus de shuímh de chuid na hÉireann a chur le chéile.

Ar chríochnú na haipe don Úsáideoir, beidh 800 ceist mata freagartha i gceart aige, agus beidh 100 tíl a cheiliúrann 100 suíomh in oileán na hÉireann bailithe aige.

I ndeireadh na dála, tá an aip ceaptha le spéis dhearfach a mhealladh san Úsáideoir sa mhata, le rath a chúiteamh agus le léargas áirithe traschuraclaim a chur ar fáil ar thírdhreach, ar thíreolaíocht agus ar stair na tíre áille seo againn.

Déanfaidh Éirecéad tairbhe mhór do pháistí atá i mbun an aistrithe ón bhunscoil go dtí an iar-bhunscoil mar is ábhartha an t-ábhar don mhatamaitic a úsáidtear ar scoil ag an aois sin. Tugann sé deis ar dóigh fosta do pháistí agus do dhaoine fásta an mata a phlé sa bhaile.