Tá pacáiste acmhainní nua deartha ag COGG agus cabhróidh sé le múinteoirí teagasc na Gaeilge a chomhtháthú leis an Snáithe Lúthchleasaíochta sa rang Corpoideachais.
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo go bhfoghlaimeoidh daltaí an Ghaeilge ar bhealach taitneamhach, sultmhar agus nádúrtha.
Tá acmhainní ar fáil do ranganna na naíonán faoi láthair, agus beidh acmhainní breise á bhforbairt do ranganna 1- 6 de réir mar a aistríonn na daltaí tríd an scoil.
Ní hamháin go bhfuil na hacmhainní seo ann, ach bhailigh COGG acmhainní Corpoideachais ó eagraíochtaí eile le chéile in áit lárnach amháin – acmhainní ó CCEA, Gael Linn, TG4 Foghlaim, agus CLG, mar shampla. Féach ‘Acmhainní Ginearálta’ chun tuilleadh eolais a fháil.
Chun rochtain a fháil ar na hacmhainní nua seo, cláraigh anseo chun an pasfhocal a fháil.
Cliceáil anseo chun dul chuig Corpoideachas trí Ghaeilge.