All posts by Frank ÓTormaigh

Comhdháil Teagaisc

  • Ar an gCéadaoin 18 Meán Fómhair, reáchtálfaidh Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, le tacaíocht ó COGG agus ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, leath lae oiliúna thar a bheith speisiúil do mhúinteoirí Gaeilge Iar-bhunscoile.
  • Tá saorchead isteach, ach ní mór clárú roimh ré ag an nasc seo.
  • Tá gach eolas ar fáil ó teagascucc@gmail.com

Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe (Bunscoil agus Iar-bhunscoil)

Postaer_Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe 2024.png (Moderate)

  • Tá Comhdháil á heagrú idir COGG agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
  • Díreoidh an chomhdháil lae seo ar Mhúinteoirí Nuacháilithe – múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus na múinteoirí a beidh ag teagasc i scoil Ghaeltachta, Gaelscoil nó Gaelcholáiste ag tosú i mí Mheán Fómhair 2024.
  • Deis a bheidh ann chun eolas a fháil faoi chúraimí an mhúinteora nuacháilithe, casadh ar mhúinteoirí nuacháilithe eile agus dea-chleachtas a roinnt.
  • Tuilleadh eolais: comhdhail@cogg.ie

Comhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile faoi láthair.

 

Cuireadh tús leis an comhairliúchán poiblí ar Dhréachtsonraíochtaí san Oideachas Ealaíon; ar an Nuatheangacha lasachta; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht; agus ar an bhFolláine ar an 6ú Márta agus beidh sé ar oscailt go dtí an 7ú Meitheamh. Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná obair le páirtithe leasmhara, ceistneoir ar line agus spás le haghaidh aigneachtaí scríofa. Reáchtálfar fócasghrúpaí timpeall na tíre chomh maith, ceann trí Ghaeilge san áireamh. Beidh an ceann trí Ghaeilge ar siúl san Ionad Oideachais na Gaillimhe ar an 16ú Aibreán (ó 3.45 i.n. – 5.15 i.n.)

Tá CNCM ag súil go mór le cloisteáil ó mhúinteoirí agus ó cheannairí scoile le linn na trí mhí atá romhainn. Má tá suim agat freastal ar an bhfócasghrúpa i nGaillimh chun do thuairimí a chur in iúl, ní mór duit clárú ag an nasc thíos.

Foirm chláraithe

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhairliúchán, tabhair cuairt ar Comhairliuchan Bunscoile 2024.

Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair 2024

  • Tá an-áthas ar COGG Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair (Lá na Speisialtóirí) 2024  a fhógairt. Réachtálfar an Dianchúrsa Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr ar feadh ceithre lá ón 12 -15  Lúnasa.  Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil ar líne do mhúinteoirí iar-bhunscoile ar gach leibhéal (A2- C1)  ar feadh 3 lá ó Luan go Céadaoin 12-14 Lúnasa agus beidh na ranganna seo ábhar agus seomra ranga-bhunaithe.
  • Déardaoin 15 Lúnasa, reáchtálfar Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) i gColáiste na Coiribe, Gaillimh, agus cuirfear deis iontach ar fáil do mhúinteoirí a teagascann trí Ghaeilge teacht le chéile agus ceardlann a dhéanamh le sainmhúinteoirí ina gcuid ábhar féin, mar aon le freastal ar sheisiún nó dhó comónta le gach múinteoir a bheidh i láthair!
  • D’éirigh go hiontach le Lá na Speisialtóirí, 2023, ar an láthair chéanna – éistigí leis na múinteoirí ag caint ar RnaG anseo.
  • Cláraigí do na ranganna Gaeilge  – deis saor in aisce oiriúnach do gach múinteoir – idir mhúinteoirí atá ar bheagán Gaeilge agus mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid cruinnis.
  • Cláraigí do Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) – deis do mhúinteoirí iar-bhunscoile teacht le chéile le múinteoirí eile a mhúineann an t-ábhar céanna leo agus foghlaim faoi na hacmhainní is déanaí don ábhar sin.
  • Deis iontach is ea an lá oiliúna seo do mhúinteoirí iar-bhunscoile a teagascann trí Ghaeilge teacht le chéile agus ceardlann a dhéanamh le sainmhúinteoirí ina gcuid ábhar féin, mar aon le freastal ar sheisiún nó dhó comónta le gach múinteoir a bheidh i láthair!  I mbliana, tá téama faoi leith ag baint leis an lá – Ag forbairt acmhainní: an múinteoir i lár an Aonaigh agus cuirfear an-bhéim ar acmhainní nua atá i mbun forbartha ag múinteoirí do COGG don scoilbhliain nua.

Tá na ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce agus cuirfear liúntas taistil 100 Euro ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar Lá na gCeardlann Ábhair/Lá na Speisialtóirí ! Bígí inár dteannta!

Má tá aon eolas breise uaibh, seolaigí r-phost go aoife@cogg.ie

Ceardlann do Mhúinteoirí Staire ar Aistear Ama

Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach,  Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n.  Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4.  An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair-  Stiofáin Ó hIfearnáin.

Sa cheardlann seo, díreofar ar:

  • Úsáid éifeachtach Aistear Ama 1
  • Torthaí foghlama agus Topaici Aistear Ama 2.
  • Caibidlí samplacha (pdf) agus bileoga oibre ó Aistear Ama 2 a roinnt
  • Deis cainte agus plé a thabhairt do mhúinteoirí staire leis an údar féin!

Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.

Breis eolais ó aoife@cogg.ie

Léirithe Spéise – FCÁT

Tá an Roinn Oideachais ag lorg Léirithe Spéise ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) don Ghaeilge sa scoilbhliain 2024/25.

 Tá gach eolas ar fáil ó  https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/3dd069-none/#tionscadal-foghlaim-chomhthaite-abhar-agus-teangacha-fcat-don-ghaeilge    

Beidh fáil ar an fhoirm iarratais ar-líne idir seo agus an Aoine 10 Bealtaine.

Téacsleabhair nua ag teacht do Mheán Fómhair 2024

  • Éire á Múnlú
  • Stair na hArdteistiméireachta
  • Leabhar le Topaicí 2 agus 3 – aistriúchán ar The Making of Ireland.
  • Ar fáil sna siopaí leabhar agus ó dhíoltóirí leabhar.
  • www.educate.ie

  • Aistear Ama 2
  • Stair don Dara Bliain T1ag leanúint ar aghaidh leis an tSraith, Aistear Ama
  • Téacsleabhar Staire nuascríofa ag Edel Ní Loingsigh agus Stiofáin Ó hIfearnáin. Reáchtálfar ceardlann ar líne do mhúinteoirí Staire ar na téacsleabhair seo Déardaoin 16 Bealtaine ar 7.i.n. Cláraigh anseo​.
  • Ar fáil sna siopaí leabhar agus ó dhíoltóirí leabhar do scoilbhliain 2024/25.
  • Aistear Ama 1 – fós ar fáil saor in aisce do scoileanna, ach rphost a chur chuig eolas@cogg.ie.

  • Binneas Ceoil! B
  • Aistriúchán ar théacsleabhar Béarla, ar fáil do scoilbhliain 2024/2025 ó www.edco.ie

  • À La Une
  • Cúrsa Iomlán do Fhraincis na hArdteiste, leagan digiteach agus clóite ar fáil do scoilbhliain 2024/2025 ó www.educate.ie