An Tairseach – Seoladh Oifigiúil

Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go bhfuil An Tairseach seolta. Seoladh go hoifigiúil é in Amharclann Halla an Bhaile, Cathair na Mart ar an 22 Deireadh Fómhair.

Ceann de mhórspriocanna an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ná feabhas a chur ar sholáthar acmhainní agus tacaí teanga chun cuidiú le pleanáil scoile uile, teagasc, foghlaim agus measúnú i gcomhthéacsanna príomhshrutha agus RSO. Iarradh ar COGG i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile acmhainn chuimsitheach, nuálach agus chruthaitheach ar líne a dhearadh chun freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith le tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre.

Forbraíodh an tairseach thiomnaithe seo ar líne, mar sin, chun raon leathan acmhainní ilmhódacha atá cruthaithe ag múinteoirí, agus a bhfuil cáilíocht dearbhaithe acu, a chur ar fáil do mhúinteoirí eile. Múinteoirí ag tacú lena chéile. Cuirfear leo agus déanfar athbhreithniú ar bhonn rialta orthu.

Ar fáil anseo – www.tairseachcogg.ie