An Cheathrú Ghaeltachta ag Higher Options

Tá COGG an-sásta filleadh ar Aonach na nGairmeacha, Higher Options, san RDS an tseachtain seo. Tugtar deis do scoláirí iar-bhunscoile ag an gCeathrú Ghaeltachta ann, eolas cuimsitheach a bhailiú ó institiúidí eagsúla faoin iliomad rogha staidéir agus deis gairme atá ar fáil dóibh le Gaeilge.

Tá leagan úrnua den phacáiste gairmeacha: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, foilsithe agus ullamh ag COGG le cur faoi bhráid na scoláirí ag Higher Options mar aon le leagan Béarla de a foilsíodh i rith na bliana dar teideal Career Opportunities with Irish.

Dar le hAoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG “Is foilsiúchán uasdátaithe é lán le heolas suas chun dáta ar roghanna staidéir agus oibre i réimsí gairme breise, ar nós ETIM, Na Taibhealaíona, Folláine agus Spóirt,  nach raibh san áireamh sa chéad leagan. Tá eolas an-luachmhar agus praiticiúil sa phacáiste ar bhuntáiste na Gaeilge do scoláirí in aimsiú lóistín agus scoláireachtaí agus sparánachtaí tar éis a gcuid scolaíochta”.

Dar le hAoibhinn Ní Chraoibhinn, a bhuaigh Spáranacht don Ghaeilge, 2024 (Bord Oideachais agus Oiliúna, urraithe ag COGG) – gradam gurbh fhiú 5,000 euro, “is ionann teanga sa bhreis agus deis sa bhreis do dhaoine óga. Bhí an pacáiste seo thar a bheith úsáideach domsa anuraidh agus mé ag machnamh ar líonadh an CAO, bhí gach eolas faoi gach cúrsa bailithe in aon áit amháin agus cur síos ar réimsí oibre agus gairme a bhfuil an Ghaeilge mar bhuntáiste dóibh nach mbeinn tar éis cuimhneamh orthu, ar nós Tithe an Oireachtais, an tAontas Eorpach, Cúrsaí Gnó agus Spóirt”.

Nótaí don Eagarthóir: I measc na nAoichainteoirí i láthair ag an gCeathrú Ghaeltachta:

  • Páidí Ó Lionáird – Láithreoir, léachtóir, colúnaí, oifig an Choimisinéara Teanga
  • Sinéad Ní Uallacháin – Iriseoir, aisteoir, podchraoltóir,
  • Ruadhán Mac Cormaic – Eagarthóir an Irish Times

Leagan Gaeilge den phacáiste gairmeacha: https://online.fliphtml5.com/lfbld/bbzf/#p=1

Leagan Béarla den phacáiste gairmeacha:  https://shorturl.at/SZmk6

Físeán Eolais: https://vimeo.com/1005858668?share=copy

Fiosruithe Meán: Bláthnaid Uí Fhátharta, Oifigeach Cumarsáide agus Margaíochta     blathnaid@cogg.ie (087) 6336355