Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ar FCÁT

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe i gcomhar le Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ag soláthar cúrsa forbairt ghairmiúil leanúnach sa FCÁT/dea-chleachtais an tumoideachais.

Cúrsa praiticiúil atá anseo a thagann leis an gcur chuige taighde-bhunaithe SIOF (Mac Gearailt et al. 2023).

Trí lá inseirbhíse a bheidh i gceist.

Lá 1 – Scafláil Teanga agus Ionchur Teanga 1

Lá 2 – Ionchur Teanga 2 agus Aischur Teanga

Lá 3 – Aiseolas Teanga, cur chuige ranna/scoile agus cur i láthair múinteoirí.

*Caithfidh múinteoirí a bheith ar fáil ar an trí lá le go mbronnfar an teastas rannpháirtíochta orthu.

Tabharfar Punann Mhachnaimh agus Phleanála (leagan crua) do gach múinteoir agus déanfar acmhainní a chur ar fáil go leictreonach.

Cúrsa gníomhach a bheidh anseo agus iarrfar ar mhúinteoirí acmhainní teagaisc is foghlama dá gcuid féin (pleananna, téacsleabhar, nótaí, taispeántais powerpoint srl.) a tabhairt leo chuig na laethanta éagsúla.

Beidh tascanna machnaimh agus pleanála le déanamh idir na laethana inseirbhíse.

Struchúr an lae: 10.00 – 15.30

Dátaí:

Lá 1: Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2024

Lá 2: Déardaoin 23 Eanáir 2025

Lá 3: Déardaoin 3 Aibreán 2025

Costas: Níl aon chostas ar an gcúrsa seo.

Ionad: Ionad fós le socrú. Tabharfar rogha ar an bhfoirm chlárúcháin (Gaillimh, Luimneach nó Atha Luain agus freastalófar ar an gcéad rogha)

Níos mó eolais anseo.