Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe i gcomhar le Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ag soláthar cúrsa forbairt ghairmiúil leanúnach sa FCÁT/dea-chleachtais an tumoideachais.
Cúrsa praiticiúil atá anseo a thagann leis an gcur chuige taighde-bhunaithe SIOF (Mac Gearailt et al. 2023).
Trí lá inseirbhíse a bheidh i gceist.
Lá 1 – Scafláil Teanga agus Ionchur Teanga 1
Lá 2 – Ionchur Teanga 2 agus Aischur Teanga
Lá 3 – Aiseolas Teanga, cur chuige ranna/scoile agus cur i láthair múinteoirí.
*Caithfidh múinteoirí a bheith ar fáil ar an trí lá le go mbronnfar an teastas rannpháirtíochta orthu.
Tabharfar Punann Mhachnaimh agus Phleanála (leagan crua) do gach múinteoir agus déanfar acmhainní a chur ar fáil go leictreonach.
Cúrsa gníomhach a bheidh anseo agus iarrfar ar mhúinteoirí acmhainní teagaisc is foghlama dá gcuid féin (pleananna, téacsleabhar, nótaí, taispeántais powerpoint srl.) a tabhairt leo chuig na laethanta éagsúla.
Beidh tascanna machnaimh agus pleanála le déanamh idir na laethana inseirbhíse.
Struchúr an lae: 10.00 – 15.30
Dátaí:
Lá 1: Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2024
Lá 2: Déardaoin 23 Eanáir 2025
Lá 3: Déardaoin 3 Aibreán 2025
Costas: Níl aon chostas ar an gcúrsa seo.
Ionad: Ionad fós le socrú. Tabharfar rogha ar an bhfoirm chlárúcháin (Gaillimh, Luimneach nó Atha Luain agus freastalófar ar an gcéad rogha)
Níos mó eolais anseo.