An Tumoideachas: Na Buntáistí – Tacaíocht ón Taighde

Ar fáil anseo.

Ag deireadh na bliana 2023 lorgaíodh léirithe spéise ó institiúidí oideachais agus ó thaighdeoirí chun scagadh agus iniúchadh a dhéanamh ar an taighde go léir atá déanta ar an tumoideachas i gcomhthéacs na hÉireann. Ba ar an Dr Claire Dunne a bronnadh an conradh don obair seo thar ceann Institiúid Oideachais Marino. Tá an taighde iomlán ar fáil ar shuíomh COGG: An Tumoideachas ag an mBunleibhéal in Éirinn: Léargais ón Taighde Náisiúnta, don té ar mian leis/ léi iniúchadh iomlán a dhéanamh ar an taighde ar fad.
Tá tábhacht nach beag ag baint leis an anailís seo mar tá go leor fianaise ann go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint leis an tumoideachas. Tá sé ríthábhachtach na buntáistí sin atá taighdebhunaithe a roinnt ar bhealach inrochtana leis na scoileanna agus leis an earnáil oideachais go ginearálta, ionas go bhféadfaí an t-eolas a chur ar thuismitheoirí agus iad ag déanamh cinntí faoi oideachas a bpáistí. Is chuige sin a forbraíodh an acmhainn seo.